Skip to main content

You are here:  

Ceardlann um Chearta a chur in Áirithe

Is iad cearta na rudaí go léir a theastaíonn uait le maireachtáil, le fás agus le forbairt le bheith ar an duine is fearr is féidir leat a bheith!

Cabhraímid le leanaí agus le daoine óga ó scoileanna agus ó ghrúpaí óige ar fud na hÉireann tuiscint níos fearr a fháil ar a gcearta faoin CNACL agus ar an gcaoi a n-oibríonn an OCO chun iad a chosaint. Éistimid lena bhfuil le rá acu. Déanaimid cearta a fhíorú trí chearta leanaí a nascadh lena saol laethúil. Déanaimid iniúchadh ar na rudaí is féidir a dhéanamh in Éirinn lena chinntiú go mbaineann gach leanbh taitneamh as a gcearta.

Tá ár gceardlanna uile aoisoiriúnach, idirghníomhach agus spraíúil.

Chun ceardlann a chur in áirithe, tabhair cuairt ar ár bhfoirm áirithinte ceardlainne ar líne.

Molaimid duit ár gCeisteanna Coitianta thíos a léamh roimh áirithint a dhéanamh.

Cúnamh taistil do cheardlanna

Má tá tú ag tabhairt cuairte ar oifigí an OCO ó lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, is féidir linn do chostais taistil a aisíoc suas go dtí €650. Tar éis an cheardlann a bheith ar siúl, gheobhaidh tú foirm trí ríomhphost, áit ar féidir leat do chuid sonraí a líonadh isteach agus do fáltais a chur isteach. Déanfaidh ár bhfoireann airgeadais d’aisíocaíocht a phróiseáil ansin.

CCanna

Cé atá in ann ceardlann a chur in áirithe?

collapsed icon
expanded icon

Is féidir le múinteoirí bunscoile agus meánscoile, Comhordaitheoirí Idirbhliana, múinteoirí OSSP/Polaitíocht & Sochaí, Comhordaitheoirí Chomhairle na nDaltaí, oibrithe óige agus daoine óga ceardlann a chur in áirithe trí chuairt a thabhairt ar ár bhfoirm áirithinte ceardlainne ar líne.

Bíonn ceardlanna ar siúl ag ár n-oifigí a thacaíonn le leanaí, lonnaithe ag 52 Sráid na Trá Mór, An Chathair Thuaidh, Baile Átha Cliath. Is spás spraíúil agus inrochtana é ár n-oifig. Tá rochtain ardaitheora agus spás do chathaoireacha rothaí. Tá seomra céadfach lántrealmhaithe againn do dhaoine óga a bhféadfadh sé a bheith ag teastáil uathu.

Seiceáil ár scéal sóisialta (PDF) más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi na rudaí a mbeifeá ag súil leis!

Bíonn ceardlanna ar siúl maidin Dé Máirt, Dé Céadaoin agus Dé Déardaoin ag 10:30rn.  

Maireann ceardlanna ar feadh 90 nóiméad.

Níl aon chostas i gceist. Tá ár gceardlanna saor in aisce agus má tá tú ag taisteal ó lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, is féidir linn aisíocaíocht a thabhairt duit as do chostais taistil.

Ní féidir linn ach dhá áirithint a dhéanamh  in aghaidh na scoile i ngach bliain acadúil. Déantar é seo lena chinntiú go mbeidh deis ag an oiread scoileanna agus is féidir páirt a ghlacadh. 

Is é 30 an t-uaslíon dalta in aghaidh na ceardlainne, mar gheall ar mhéid ár spáis.

Tar éis duit do cheardlann a chur in áirithe ag baint úsáide as an bhfoirm áirithinte ceardlainne ar líne, seol ríomhphost chuig education@oco.ie chun athrú ama a iarraidh.

Seol ríomhphost chuig an bhFoireann Oideachais Rannpháirtíochta agus Cearta ag education@oco.ie.