Skip to main content

Tá tú anseo:

Daoine óga i bhForas Naomh Pádraig; Tuarascáil le hOifig an Ombudsman do Leanaí

In 2007, choimisiúnaigh an OOL taighde chun na saghsanna bacainní a shainaithint atá roimh leanaí chun a gcearta a bhaint amach. Sainaithníodh leanaí sa chóras dlí choiriúil mar ghrúpa leanaí in Éirinn a bhfuil roinnt bacainní rompu in aghaidh taitneamh a bhaint as a gcearta.

Murab eol an méid sin faoi leanaí a thagann salach ar an dlí, bíonn níos lú ar eolas, fiú, faoina bpeirspictíochtaí, maidir leis an eispéireas a bhí acu den chóras dlí choiriúil agus laistigh den chóras dlí choiriúil ina measc sin. Tá an grúpa daoine óga seo i measc na leanaí siúd in Éirinn nach féidir linn a nglórtha a chloisteáil gan stró agus arb ábhar bróin é nach spéis leis an tsochaí, go ginearálta, a nglórtha a chloisteáil.

Is é aidhm an chomhairliúcháin seo, sa chéad ásc, a chinntiú go n-éistear lena nglórtha. Ach is beag a bhaintear amach mura gcuirimid ina luí orthu siúd a dhéanann teagmháil leis na daoine óga seo go bhfuil a ndearcthaí dlisteanach, go leagann na neamhréitigh arb ann dóibh freagracht orthu chun cumarsáid a dhéanamh, oideachas a sholáthar, chun éisteacht agus chun tacú leis na daoine óga seo chun an domhan nó an córas seo, faoi mar a dtugtar air, a thuiscint.

Ba shaincheisteanna fadréimseacha na saincheisteanna ar labhraíomar leis na daoine óga fúthu agus baineann príomhghnéithe an chúraim san Institiúid leo, ar nós pleanáil pianbhreithe; cóiríochta; sláinte; oideachais; caitheamh aimsire; teagmhála leis an teaghlach; sábháilteachta agus cosanta; agus gearáin a láimhseáil.