Skip to main content

Tá tú anseo:

Ag feitheamh le Cóireáil Scolóise: Saincheist um Chearta Leanaí 2018

Ó mhí Iúil 2009, fuair m'oifig gearáin ó thuismitheoirí thar ceann a leanaí a bhfuil scolóis acu agus a bhfuil obráid ag teastáil uathu. Thar tréimhse leanúnach ama, cuireadh ar an eolas muid faoi na hamanna feithimh an-fhada a bhí ag leanaí chun teacht ar obráid dromla scolóise.

Chinn mé i Márta 2017 tuarascáil a fhoilsiú ar eispéiris na leanaí seo agus a gcuid scéalta a roinnt ar an gcaoi a mhothaíonn sé a bheith ag fanacht ar feadh tréimhsí fada ama le haghaidh obráid a athraíonn saol an duine.

Tar éis fhoilsiú na tuarascála seo ‘Waiting for Scoliosis Treatment: A Children’s Rights Issue’ agus tar éis abhcóideachta uileghabhálaí ag tuismitheoirí agus ag gairmithe araon, rinne an rialtas tiomantas aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna córasacha a bhí ag cruthú na liostaí feithimh seo.

Downloads