Skip to main content

Tá tú anseo:

A n-imscrúdú féin tola ar sheirbhís chlárúcháin, chigireachta agus mhonatóireachta FSS (Tusla – an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach anois) d’ionaid chónaithe leanaí phríobháideacha agus dheonacha.

I Márta 2013, rinne an tOmbudsman do Leanaí an cinneadh chun tabhairt faoi réamhscrúdú ar a toil féin ar an gclárú, monatóireacht agus cigireacht a rinne FSS ar ionaid chónaithe dheonacha agus phríobháideacha do leanaí atá i gcúram an Stáit.

Tá réimse de sholáthar socrúchán ann do leanaí atá i gcúram, cúram altrama, cúram cónaithe príomhshrutha, cúram ardtacaíochta agus cúram speisialta ina measc. Tugann faisnéis a fuarthas trí scrúdú agus imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin le fios go n-áirítear le cúram cónaithe príomhshrutha ionaid reachtúla anuas ar sholáthar tríd an earnáil dheonach agus phríobháideach.

Rinne an Oifig an cinneadh chun tabhairt faoi réamhscrúdú d’fhonn tuiscint a fháil ar phróisis chláraithe, chigireachta agus mhonatóireachta FSS (Tusla - an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach anois) ar bhonn náisiúnta. Tugtar faoi réamhscrúdú sa chéad ásc d’fhonn a dheimhniú cé acu an dteastaíonn nó nach dteastaíonn imscrúdú ag an Oifig seo agus cé acu an bhfuil nó nach bhfuil gá leis. Mar thoradh ar an Réamhscrúdú, b’ábhar féideartha buartha don OOL an méid seo a leanas:

  • Ní soiléir an próiseas agus na nósanna imeachta a úsáidtear chun cigireachtaí ar ionad cónaithe phríobháideacha agus dheonacha do leanaí a threorú agus d’fhéadfadh go bhfuiltear buartha faoi cé acu an gcuirtear nó nach gcuirtear na caighdeáin chéanna chigireachta i bhfeidhm a chuirtear do leanaí in ionaid chónaithe reachtúla;
  • B’ann d’easpa soiléireachta maidir le cé acu an ann nó nach ann do chomhsheasmhacht i measc na bhfoirne cigireachta uile maidir leis an bpróiseas agus na nósanna imeachta ar cloíodh leo le haghaidh cigireachta.
  • Ní soiléir an leibhéal de mhaoirseacht náisiúnta ar mhonatóireacht agus cigireacht, cén t-athbhreithniú agus iniúchadh ar chigireacht agus monatóireacht a dhéanann an Oifig Náisiúnta, ina measc siúd.
  • Easpa maoirseacht neamhspleách ar na caighdeáin a chuirtear i bhfeidhm nuair a thugtar faoi na cigireachtaí siúd.