Skip to main content

Tá tú anseo:

Take My Hand - Eispéiris Dhaoine Óga i dtaca le Seirbhísí Meabhairshláinte

Chuir an OCO tús le comhairliúchán le daoine óga in 2017 chun a n-eispéireas agus a bpeirspictíochtaí a chloisteáil agus a aibhsiú maidir le cúram agus cóireáil meabhairshláinte d'othair chónaitheacha, chomh maith lena dturais trí sheirbhísí meabhairshláinte.

Bhí sé mar aidhm againn teagmháil dhíreach a dhéanamh le daoine óga faoi 18 a bhí ag fáil cúraim agus cóireála meabhairshláinte d'othair chónaitheacha agus chun tacú le daoine óga a dtuairimí i dtaca le seirbhísí meabhairshláinte, bunaithe ar a dtaithí mar úsáideoirí seirbhíse, a léiriú agus a roinnt.

Bhí sé mar aidhm againn chomh maith cur ar chumas daoine óga athruithe a aithint, a mheasann siad a chuirfeadh feabhas ar thacaíochtaí do dhaoine óga maidir lena meabhairshláinte agus chun tuairimí agus smaointe daoine óga a aibhsiú do lucht déanta beartas agus do chleachtóirí atá ag obair i réimse meabhairshláinte leanaí agus daoine óga.