Skip to main content

Tá tú anseo:

Aighneachtaí ag an Ombudsman do Leanaí maidir le Scéim Ghinearálta an Bhille Uchtála (Faisnéis agus Rianú), 2015

D’fhoilsigh an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige Scéim Ghinearálta an Bhille Uchtála (Faisnéis agus Rianú) (‘an Scéim Ghinearálta) an 27 Iúil 2015 agus ina dhiaidh sin chuir sé an Scéim Ghinearálta faoi bhráid Choiste um Shláinte agus Leanaí an Oireachtais go ndéanfar mionscrúdú réamhreachtaíochta air agus le haghaidh comhairliúchán poiblí.

Tá an aighneacht seo á déanamh leis an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige de bhun Alt 7 d’Acht an Ombudsman do Leanaí, 2002, a fhorálann gur féidir leis an Ombudsman do Leanaí comhairle a sholáthar ar aon cheist a bhaineann le cearta agus leas leanaí, an tionchar dóchúil ina measc a imreofar ar leanaí a bheidh ag cur i bhfeidhm tograí le haghaidh reachtaíochta. Fáiltíonn an tOmbudsman do Leanaí roimh fhoilsiú Scéim Ghinearálta an Bhille Uchtála (Faisnéis agus Rianú), 2015 agus bhain an cuspóir foriomlán a luadh ann chun bonn reachtúil a sholáthar chun faisnéis a sholáthar le huchtáil.