Skip to main content

Tá tú anseo:

Aighneacht maidir leis an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta in aghaidh Gáinneála ar Dhaoine

D’fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, Brian Lenihan, TD, go gcuirfí tús le tréimhse chomhairliúcháin phoiblí agus tugadh cuireadh d’aighneachtaí maidir leis an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta in aghaidh Gáinneála ar Dhaoine an 18 Deireadh Fómhair 2007, arbh é sin an chéad Lá Bliantúil san AE in aghaidh Gáinneála ar Dhaoine.

Beart a gcuirtear fáilte ó chroí roimhe is ea mionléiriú a thabhairt ar Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta in aghaidh Gáinneála ar Dhaoine. Cé gur rí-láidir an gá atá le creat dlíthiúil leordhóthanach chun gáinneálaithe a ionchúiseamh agus íospartaigh na gáinneála a chosaint, is amhlaidh atá an gá atá le comhordú praiticiúil idir comhlachtaí (idir gníomhaireachtaí Stáit agus eagraíochtaí neamhrialtasacha) ar féidir leo idirghabháil a dhéanamh ag pointí éagsúla de chúrsa na gáinneála. Caithfidh an dá rud a bheith i bhfeidhm d’fhonn go gcosnófar cearta daonna íospartach go héifeachtach. Cé gurb iad buarthaí faoi chearta daonna is tábhachtaí sa chomhthéacs seo, ba cheart a thabhairt san áireamh, chomh maith, go mbraithfidh an rath a bheidh ar aon reachtaíocht choiriúil, go mór mór, ar cé chomh héifeachtach a bhíonn an comhordú sin agus a mhéid tacaíochta a thugaimid d’íospartaigh.