Skip to main content

Tá tú anseo:

Aighneacht leis an gComhchoiste um an Leasú Bunreachta maidir le Leanaí

An 13 Nollaig 2007, fuair an OOL cuireadh ó Chathaoirleach an Chomhchoiste um an Leasú Bunreachta maidir le Leanaí, Mary O’Rourke, TD, chun aighneacht scríofa a dhéanamh leis an gCoiste. Áirítear le hOrduithe Tagartha an Choiste scrúdú a dhéanamh ar an mBille um an Ochtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2007 agus na moltaí siúd a dhéanamh agus is dealraitheach atá cuí leis an gCoiste.

San aighneacht seo, d’fhilleamar ar na chéad phrionsabail ar cheart dóibh buntacú le hathrú ar an mBunreacht atá dírithe ar bharr feabhais a chur ar chearta leanaí.