Skip to main content

Tá tú anseo:

Aighneacht don 25ú Seisiún de chuid an Ghrúpa Oibre maidir le hAthbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann

Sainordaítear an tOmbudsman do Leanaí Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (an CNACL) a chur chun cinn agus tá d’aidhm aige a chinntiú go gcomhlíonann Éire a cuid oibleagáidí idirnáisiúnta um chearta daonna. Tugtar cuntas sa cháipéis seo ar dhearcthaí agus breathnóireacht ar an OOL sula ndéanfar Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann ar Stát na hÉireann.

Ullmhaíodh an tuarascáil seo i gcomhthéacs treochtaí i ngearáin a fuaireamar; torthaí imscrúduithe a rinne an Oifig; an t-idirchaidreamh idir an tOmbudsman do Leanaí agus meicníochtaí monatóireachta um chearta daonna; an chomhairle a chuireamar ar an rialtas maidir le hathrú reachtaíochta atá dírithe ar chearta leanaí a thabhairt chun cinn; ár n-obair chun dul i gcomhairle le agus béim a leagan ar bhuarthaí leanaí; agus an taighde ar tugadh faoi.