Skip to main content

Tá tú anseo:

Ráiteas i ndáil le soláthar oideachais i scoil phríomhshrutha do leanaí ar a bhfuil Siondróm Down

I Meán Fómhair 2009 agus Bealtaine 2010, rinneadh gearáin ar leith ach gearáin a bhí cosúil leo, leis an Oifig. Rinne beirt mháithreacha na gearáin thar ceann beirt leanaí ar a bhfuil Siondróm Down. Bhain na gearáin le hoideachas na leanaí, a raibh an bheirt díobh ag freastal ar bhunscoileanna príomhshrutha, agus gníomhartha na Roinne Oideachais agus Scileanna (dá dtagraítear dá éis seo mar an Roinn) maidir leis an gcinneadh gan Siondróm Down a chur san áireamh mar mhíchumas ísealmhinicíochta i gcritéir na Roinne chun acmhainní a chur ar fáil dó agus na himpleachtaí a bhí aige seo do leanaí ar a bhfuil Siondróm Down agus a riachtanais shonracha oideachais. Dhírigh an t-imscrúdú seo ar ghníomhartha na Roinne a bhaineann le soláthar a riar do riachtanais speisialta oideachais leanaí ar a bhfuil Siondróm Down a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna príomhshrutha.