Skip to main content

Tá tú anseo:

Ráiteas imscrúdaithe ar thacaíochtaí agus seirbhísí teiripeacha a sholáthar do leanbh i ndiaidh gur nochtadh drochúsáid ghnéasach líomhnaithe

I Samhain 2009, chuir an tOmbudsman do Leanaí tús le himscrúdú faoi Alt 8 d’Acht an Ombudsman do Leanaí, 2002 (an tAcht). Bhí an t-imscrúdú bunaithe ar ghearán a rinneadh linn maidir le gníomhartha riaracháin Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus conas a d’fhéadfaidís tionchar a imirt ar leanbh.

Faoi Alt 13(2) den Acht, i ndiaidh imscrúdú, ceanglaítear ar an Ombudsman do Leanaí ráiteas a sholáthar ina dtugtar cuntas ar na torthaí. I gcomhréir leis an Acht, tá an ráiteas seo le scaipeadh ar an gcomhlacht poiblí atá á imscrúdú, an gearánaí, páirtithe ábhartha eile atá bainteach san imscrúdú agus aon daoine eile a measann an tOmbudsman do Leanaí gur cuí an ráiteas a sheoladh chucu.