Skip to main content

Tá tú anseo:

Athbhreithniú ar an Acht um Chúram Leanaí 1991

De réir tiomantais i dTorthaí Níos Fearr Todhchaí Níos Gile: Creatlach an Pholasaí Náisiúnta do Leanaí & do Dhaoine Óga 2014-2020, chuir an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige (DCYA) tús le próiseas dhá bhliain chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Acht um Chúram Leanaí 1991 in 2017 . Is iad aidhmeanna an athbhreithnithe seo na rudaí atá ag obair go maith laistigh den reachtaíocht a aithint; chun aghaidh a thabhairt ar aon bhearnaí sainaitheanta agus réimsí nua forbartha; forbairtí reachtaíochta, beartais agus cleachtais reatha a ghabháil; agus, ag tógáil ar na céimeanna seo, an reachtaíocht bhunaidh a leasú. Fáiltímid roimh an athbhreithniú seo mar dheis thábhachtach don Stát a thiomantas a dhearbhú agus bonn taca reachtúil a thabhairt dá oibleagáidí maidir le cearta leanaí a ndéanann forálacha Acht 1991 difear dóibh a urramú, a chosaint agus a chomhlíonadh. Is é a bheidh i gceist leis an deis seo a thapú ná leanaí a chur ar dtús agus leagfar béim ar infheictheacht chearta leanaí a neartú in Acht 1991. Leagfar amach ann chomh maith an méid a éilíonn an Stát agus an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (Tusla), na cúirteanna, An Garda Síochána agus gníomhaithe eile maidir lena róil agus a bhfreagrachtaí a chomhlíonadh faoin Acht de réir chearta agus leas an linbh. I mí na Nollag 2017, fuaireamar cuireadh ón DCYA páirt a ghlacadh i bpróiseas comhairliúcháin scríofa maidir leis an mbealach is fearr le hAcht 1991 a athchóiriú agus a leasú. Chríochnaíomar ár n-aighneacht i mí Feabhra 2018.