Skip to main content

Tá tú anseo:

Tuarascáil leis an Oireachtas ar an mBille um an Aonú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Leanaí), 2012.

D’fhoilsigh an Rialtas an Bille um an Aonú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Leanaí), 2012 an 19 Meán Fómhair 2012. Leagtar amach sa Bhille leasú beartaithe ar an mBunreacht, lena n-aisghairtear Alt 5 d’Airteagal 42 reatha agus lena gcuirtear Airteagal 42A nua dar teideal “Leanaí” ina ionad.

Tá leasú ar an mBunreacht á lorg ag an Ombudsman do Leanaí chun cosaint níos mó a bhronnadh ar chearta an linbh óna chéad bhliain oibrithe. Mar an gcéanna a bhí croítheachtaireacht gach aighneachta a rinneadh leis an Rialtas agus leis an Oireachtas maidir leis an tsaincheist seo: Ba cheart go ndéanfadh Éire prionsabail um chearta leanaí a chumhdach sa Bhunreacht d’fhonn buntacú le haistriú bunúsach inár ndlí, beartas agus cleachtas i ndáil le leanaí.