Skip to main content

Tá tú anseo:

Tuarascáil le Comhchoiste an Oireachtais um Shláinte agus Leanaí maidir le gearáin faoi chosaint leanaí

Is é aidhm na tuarascála seo chun gearáin a cuireadh in iúl don OOL i ndáil le cosaint leanaí in Éirinn a chur ar aird an Choiste.

Cuimsítear sa tuarascáil seo achoimre agus anailís ar 61 gearán a rinne baill den phobal. Sna gearáin, thug na gearánaithe le fios buarthaí faoin mbealach inar láimhseáil na húdaráis ábhartha an mhí-úsáid leanaí, i ngach foirm de, a tugadh le fios. Tugtar le fios sa tuarascáil na saincheisteanna a bhí ina n-ábhar buartha a thug na gearánaithe chun solais agus déantar moltaí inti atá dírithe ar dhul i ngleic leis na deacrachtaí a sainaithníodh.

Ní dhéantar iarracht sa tuarascáil chun cuntas a thabhairt ar mhí-úsáid leanaí in Éirinn ná bunús a thabhairt leis an mí-úsáid leanaí a tugadh le fios nó le substaint na ngearán ar cuireadh sinn ar an eolas orthu.