Skip to main content

Tá tú anseo:

Tuarascáil ar imscrúdú a dhéanamh ar Sholáthar Seirbhíse Oibre Sóisialta FSS na Laoi Thuaidh

Chuir comhalta foirne Oibre Sóisialta ó fhoireann oibre sóisialta na Laoi Thuaidh gearán faoi bhráid na hOifige seo ar áiríodh leis foirm ghearáin agus cóip de mheabhrán a d’eisigh sí don bhainistíocht líne. Baineann an gearán leis an leibhéal atreoruithe a fuair an fhoireann dualgais agus na deacrachtaí a bhí acu maidir le freagairt dó seo, atreoruithe maidir le leas agus cosaint leanaí, go háirithe. San fhaisnéis a seoladh ar aghaidh, tugadh na buarthaí tromchúiseacha seo a leanas chun solais:

  • tá breis agus 200 leanbh agus duine óg i Limistéar Oibre Sóisialta na Laoi Thuaidh atá ag feitheamh le seirbhís oibre sóisialta ó FSS, cé gur shainaithin Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) go ndearnadh mí-úsáid orthu nó go bhfuil an baol ann go ndéanfar mí-úsáid orthu;
  • cé go bhfreagraíonn limistéar Oibre Sóisialta na Laoi Thuaidh do leanaí atá i bhfíor-bhaol, tá ardlíonta leanaí ann atá “i mbaol” nach féidir leo freagairt mar gheall nach bhfuil oibrí sóisialta ar bith ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na buarthaí, agus;
  • tá 147 cás ann faoi láthair i limistéar na Laoi Thuaidh a atreoraíodh i ngeall ar bhuarthaí um chosaint nó leas leanaí nach bhfuil aon Oibrí Sóisialta sannta acu, cásanna Thosaíocht 1 d’fhaillí agus drochúsáid ghnéasach ina measc siúd. Is é an toradh a bhíonn air seo ná nach ndéanann FSS sciathadh ná measúnú orthu riamh agus b’fhéidir go bhfuil siad i gcásanna a chruthaíonn fíor-bhaol dóibh.
    Liostaítear i meabhrán Iúil de réir inisealacha roinnt cásanna thosaíocht 1 agus 2 (a meastar go mbaineann riosca ard leo), anuas ar chásanna thosaíocht 3 agus 4 (riosca meánach/íseal) agus luaitear ann NACH ndearnadh aon iarmheasúnú ar na cásanna seo mar gheall nach bhfuil duine ar bith ar fáil chun na buarthaí seo a fhiosrú.

I ndiaidh faisnéis a lorg agus a fháil ó na comhlachtaí poiblí a bhí bainteach, rinneamar an cinneadh chun leanúint ar aghaidh agus imscrúdú a dhéanamh maidir leis an gcás seo. Cuireadh tús leis an imscrúdú ar an ngearán seo a fuarthas maidir le soláthar Oibre Sóisialta i limistéar na Laoi Thuaidh sula ndearna an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte cigireacht reachtúil ar sheirbhísí um chosaint leanaí.