Skip to main content

Tá tú anseo:

Diúltú chun deontas teicneolaíochta cúnta a sholáthar do leanbh ag an Roinn Oideachais agus Scileanna

Chuir Oifig an Ombudsman do Leanaí tús le himscrúdú i Lúnasa 2010 bunaithe ar ghearán, a rinne máthair leanbh 11 bhliain d’aois, i dtaca le diúltú na Roinne Oideachas agus Scileanna (dá dtagrófar mar ‘an Roinn’ feasta) chun deontas teicneolaíochta cúnta a sholáthar i dtaca lena mac faoin Scéim Teicneolaíochta Cúnta.

Mhínigh an gearánaí gur diúltaíodh an t-iarratas ar theicneolaíocht chúnta, is é sin, ríomhaire glúine agus na bogearraí oiriúnacha ar a raibh costas measta €1000, ar an mbunús nach ndearnadh aon diagnóis shoiléir maidir le deacrachtaí leighis a mic.