Skip to main content

Tá tú anseo:

Diúltú chun cailín torrach a rollú i scoil

Go luath in 2011, rinne máthair agus a hiníon gearán le hOifig an Ombudsman do Leanaí.
Bhain an gearán le diúltú ag Scoil chun an duine óg a rollú do scoilbhlianta 2009/1010 agus 2010/2011. Mhaígh an mháthair go raibh an diúltú chun a hiníon a rollú bunaithe ar an gcaoi go raibh sí torrach agus go raibh sé bunaithe, ina dhiaidh sin, ar an bhforas gur mháthair shingil a bhí inti. Sholáthair sí cóipeanna de chomhfhreagras ón scoil.

Thug an Oifig faoi réamhscrúdú ar an ngearán agus lorg sí faisnéis ón
scoil maidir leis na saincheisteanna a thug na gearánaithe chun solais agus d’iarr an Oifig ar shoiléiriú maidir le cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an réasúnaíocht a soláthraíodh lena dhiúltú an duine óg a rollú bunaithe ar bheartas na scoile.

Mar fhreagairt, thug an scoil le fios nach raibh aon chuimhne ag an scoil air go ndearna an duine óg teagmháil leo dhá uair. Tugadh le fios, i ndiaidh gur chas an scoil léi, gur nochtadh le linn fiosrúcháin gur rug sí ar leanbh le déanaí. Thug an scoil le fios: ‘Bhí sé mar bheartas riamh anall againn gan freastal ar chailíní torracha’. Thug scoil ceisteanna chun solais i dtaca le cinneadh an duine óig chun scoileanna a athrú agus cuireadh an cheist uirthi: “An raibh toise fhireann ann seo?’ Mar fhocail scoir sa litir ó bhainistíocht na scoile, sonraítear: ‘Is é an dualgas atá orm tromlach onórach mo chuid daltaí a chosaint.’ Tugadh le fios i gcomhfhreagras breise a fuarthas ón scoil: ‘Ní scoil í seo le haghaidh máithreacha singil’.

Rinneamar teagmháil, chomh maith, leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, le faisnéis a lorg maidir leis an méid seo a leanas: an próiseas gearán sa scoil agus conas a chuireann an Roinn comhairle ar scoileanna a mb’fhéidir nach bhfuil próiseas gearán i bhfeidhm acu nó Bord Bainistíochta acu; agus an leibhéal treorach a sholáthraíonn an Roinn don scoil seo maidir le foirmiú beartais, bainistíocht agus láimhseáil gearán. Sholáthair an Roinn freagairt.

I ndiaidh tabhairt faoi réamhscrúdú, rinneadh cinneadh chun leanúint ar aghaidh le himscrúdú a dhéanamh ar ghníomhartha na scoile faoi Alt 10 (1) (a) (ii) d’Acht 2002, a fhorálann gur féidir leis an Ombudsman do Leanaí tabhairt faoi imscrúdú ar a toil féin, sa chás gur dealraitheach, agus aird ar na cúinsí go léir, go bhfuil gá le himscrúdú. Rinneadh an cinneadh chun an t-alt seo den Acht a úsáid ar na forais gur thit an gníomh amach nuair a bhí an cailín faoi 18 mbliana d’aois agus go bhféadfadh go mbeadh impleachtaí ag gníomhartha na scoile i dtaobh daoine óga eile faoi 18 mbliana d’aois ar mian leo rollú ann. Anuas air sin, thug an scrúdú roinnt saincheisteanna chun solais nár sainaithníodh sa ghearán ar dheimhnigh an Oifig gur ghá imscrúdú a dhéanamh orthu. Cuireadh tús leis an imscrúdú in Iúil 2011 agus leagtar amach na cúiseanna le leanúint ar aghaidh i dtuarascáil an imscrúdaithe.