Skip to main content

Tá tú anseo:

Socruithe Réasúnta i Scrúduithe Teastais (RACE): Gearáin leis an Ombudsman do Leanaí

Soláthraítear sa tuarascáil seo léargas ginearálta ar théamaí coiteanna a rinneadh le hOifigan Ombudsman do Leanaí (an OOL) faoin scéim Socruithe Réasúnta i Scrúduithe Teastais (RACE) a riarann Coimisiún na Scrúduithe Stáit (SEC).

Soláthraíonn scéim RACE tacaíochtaí do dhaoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu d’fhonn gur féidir leo rochtain a fháil ar scrúduithe stáit, ar nós an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta.
I measc na samplaí de shocruithe réasúnta, tá páipéir scrúdaithe ar a bhfuil cló mór nó atá i mBraille i gcás daoine óga ar a bhfuil lagú amhairc nó léitheoir nó scríobhaí a sholáthar do dhaoine óga a bhfuil deacrachtaí sonracha acu leis an léitheoireacht nó le scríbhneoireacht.

Déanann scoileanna iarratas ar an gCoiste Meánoideachais (CMO) ar shocruithe réasúntathar ceann a scoláirí. Áirítear leis seo foirm iarratais ina leagtar amach cáilitheacht an duine óig agus an cháipéisíocht chúlra a thacaíonn leis an iarratas.

Nuair a bhíonn deacracht shonrach foghlama (DSF) ag duine óg, áirítear leis an gcáipéisíocht chúlra seo fianaise i leith torthaí tástála, a léiríonn go gcomhlíonann an duine óg na critéir cháilitheachta. Má rinne síceolaí measúnú ar an duine óg, caithfear an tuairisc is déanaí a chur san áireamh.

Níl iad seo riachtanach, áfach, mar gheall gur féidir le comhaltaí foirne scoile tástálacha a úsáid chun cumas ginearálta duine óig a dheimhniú. Díríonn na tástálacha seo ar chumas duine óig chun foghlaim. Áirítear leis na hiarratais, chomh maith, torthaí tástálacha gnóthachtála, a léiríonn an méid a d’fhoghlaim an duine óg (e.g. leibhéal léitheoireachta). Áirítear leis an gcáipéisíocht treorach a d’eisigh an CMO do scoileanna liosta de thástálacha molta is féidir le scoileanna a úsáid agus an méid ar cheart a chur san áireamh le hiarratais. Léirítear sa cháipéisíocht a cuireadh san áireamh saghas na cóiríochta a theastaigh. Mar shampla, caithfear a áireamh leis an iarratas samplaí d’obair scríofa an duine óig má tá an t-iarratas ar scríobhaí.

In 2014 agus 2015, rinneadh 132 gearán leis an OOL faoi riar na scéime seo ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Sholáthraíomar tacaíocht agus comhairle i 92 cás agus scrúdaíomar 40 cás i gcomhréir le halt 8 d’Acht an Ombudsman do Leanaí, 2002 (arna leasú).

Díríonn an tuarascáil seo ar iarratais ar RACE nuair a bhíonn DSF ag daoine óga. Scáth-théarma is ea DSF, a chumhdaíonn réimse deacrachtaí, agus deacrachtaí a bhíonn i gceist ag an tráth céanna, amanna. Ciallaíonn sé go mbíonn deacracht shuntasach ag duine i limistéar amháin, ar nós léitheoireachta agus litriú ach go n-éiríonn leo nó go n-éiríonn go rí-gheal leo i limistéir acadúla eile. Baineann ceann de na DSFanna is coitianta le léitheoireacht agus/nó litriú (disléicse).

Féadfaidh DSFanna teacht aníos i limistéir eile, chomh maith, ar nós teanga (diosgraife), matamaitice (dioscalcúile) agus comhordú oll-luaile agus mínluaile (diospraicse). I ndiaidh go ndearnamar idirghabháil, soláthraíodh leibhéal áirithe de shásamh ón CMO do gach duine de na 40 duine óg. Níor tháinig aon athrú, áfach, ar fhormhór na gcinntí mar gheall nár chomhlíon cuid de na hiarratasóirí na critéir le haghaidh RACE. Ina ainneoin seo, ba shoiléir gurbh ann do théamaí coiteanna i bhformhór na ngearán a thug le fios gurbh ann do ghnéithe de dhroch-chleachtais riaracháin.

In Éirinn, rinneadh dlí de Chonradh Liospóin an 1 Nollaig 2009 agus rinneadh ceanglas dlíthiúil de Chairt an AE um Chearta an Duine. Tagraítear in Airteagal 41 den Chairt don cheart i leith dea-riar. Ciallaíonn seo go bhfuil dualgas ar ghníomhaireachtaí ballstáit, ar nós an CMO, chun dea-chleachtas riaracháin a chur chun cinn. Cé go ndírítear sa tuarascáil seo ar iarratais ar RACE ar fhorais DSF, thángamar ar thrí limistéar de chleachtas riaracháin, a d’fhéadfaí a fheabhsú. Is dóchúil go mbainfidh iad seo le gnéithe eile de riar scéim RACE an CMO (i.e. iarratais ar RACE faoi mhíchumas amhairc, éisteachta nó fisiciúil). Tá an t-achoimriú seo a leanas déanta againn orthu seo:

  • Cothroime
  • Cumarsáid
  • Maoirseacht na scéime

Chuireamar na saincheisteanna ar aird an CMO trí chásanna aonair agus tríd an tuarascáil seo. Tá súil againn, trí dhul i ngleic leis na saincheisteanna seo, gur féidir leis an CMO bainistíocht níos fearr ar ionchais daoine óga agus teaghlach faoi shaghas agus cineál na tacaíochta ag am scrúdaithe a éascú. Dúirt an CMO linn go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag an mBord faoi láthair ar an scéim agus go bhfuil scéim RACE faoi réir sraith athchóirithe.