Skip to main content

Tá tú anseo:

Tacaíochtaí agus seirbhísí teiripeacha a sholáthar do leanbh a bhfuil riachtanais speisialta aige i gcúram altrama

I Meán Fómhair 2008, chuir an tOmbudsman do Leanaí tús le himscrúdú faoi Alt 8 d’Acht an Ombudsman do Leanaí Acht, 2002 i ndiaidh go ndearnadh gearán maidir le tacaíochtaí a sholáthar do leanbh ag a raibh riachtanais speisialta i gcúram altrama.

Tá an leanbh atá i gceist 14 bliana d’aois. Rugadh é faoi mhíchumas iolrach fisiciúil agus intleachta agus tá lagú amhairc air. I dtaobh an dlí de, tá an leanbh i gcúram FSS agus bhí sé ina chónaí lena thuismitheoirí altrama ar bhonn altramú lánaimseartha mar chuid dá dteaghlach ó bhí sé ina naíonán. Braitheann sé go hiomlán ar a thuismitheoirí altrama i ngach limistéar dá chúram - beathú, an leithreas, ní agus gléasadh ina measc.

Mar gheall ar chineál ilghnéitheach mhíchumas an linbh, teastaíonn réimse seirbhísí teiripeacha uaidh, teiripe urlabhra agus teanga, fisiteiripe; agus teiripe shaothair ina measc. Sholáthair soláthraí seirbhíse príobháideach na seirbhísí seo a bhí faoi chonradh ag FSS; ag FSS go díreach trí sheirbhísí pobail; agus a d’aimsigh an teaghlach agus ar íoc an teaghlach as trí úsáid a bhaint as an liúntas cúram altrama. Dar leis an ngearánaí, níor leor riamh leibhéal agus méid na seirbhísí teiripeacha a bhí á soláthar chun dul i ngleic le riachtanais an linbh. Mar gheall go bhfuil an leanbh i gcúram FSS, thuig na tuismitheoirí altrama go gcuirfí na tacaíochtaí agus seirbhísí cuí ar fáil dó de réir na gCaighdeán Náisiúnta um Cúram Altrama agus rinneadh comhaontú air seo ag tráth an tsocrúcháin altrama.