Skip to main content

Tá tú anseo:

Cur i láthair do Choiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid um Sheirbhísí Meabhairshláinte Leanaí

Tháinig an tOmbudsman do Leanaí, an Dr Niall Muldoon, os comhair Choiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid um Sheirbhísí Meabhairshláinte Leanaí in Iúil 2017 chun cuntas a thabhairt ar phríomh-mholtaí agus príomhthosaíochtaí an OOL sa limistéar meabhairshláinte leanaí.

Thug sé cuntas ina chur i láthair ar an ngá atá leis an leanbh a chur i gcroílár seirbhísí leanaí. Caithfear na seirbhísí a sholáthraítear do leanaí a sholáthar do na leanaí óna dteastaíonn siad nuair a theastaíonn siad agus ar an mbealach a theastaíonn siad. Ní hé seo an méid atá ag tarlú faoi láthair.

Mar náisiún, léiríomar tiomantas do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh 25 bliain ó shin chun cearta leanaí a chur chun cinn agus a chosaint agus leanamar leis an tiomantas seo a léiriú nuair a rinneamar ráiteas an-láidir nuair a chuireamar cearta leanaí isteach sa Bhunreacht in 2012. Ciallaíonn seo ní hamháin gurbh ionann deimhniú na gceart seo agus rud ba dheas linn a dhéanamh, ach go bhfuil dualgas orainn é a dhéanamh, chomh maith, mar Stát.