Skip to main content

Tá tú anseo:

Straitéis Oifig an Ombudsman do Leanaí 2007-2010

Seo chéad Phlean Straitéiseach an OOL. Ba thábhachtach breithniú ar ar leith a dhéanamh ar eagraíocht a bhunú a bhfuil na luachanna, an cultúr, na córais bhainistíochta agus na próifílí foirne cuí aici a dhéanfaidh freastal ar dhaoine go fadtéarmach.

Is minic a deirtear go ndéantar cultúr oibre a fhréamhú ag céim an-luath. Ina leith seo, rinneadh dícheall nach beag chun cultúr neamhspleáchais, tiomantais agus dianoibre a bhunú ar mhaithe le leanaí agus daoine óga. Caitheadh mórmhéid ama chun tuiscint a fhorbairt ar pháirtithe leasmhara reatha náisiúnta agus ar obair atá tiomnaithe do leasanna leanaí agus cearta leanaí a chosaint.

Nuair a fhorbraítear ár straitéis, is tábhachtach go n-aithnímid obair na ngníomhaireachtaí reatha agus go lorgaímid, laistigh de limistéir ár gcuspóra agus ár róil, chun an obair atá á déanamh faoi láthair thar ceann leanaí agus daoine óga a mhéadú, seachas a dhúbailt. Tugtar cuntas sa straitéis seo ar thréanbhraistint treo agus fís shoiléir an OOL ar an méid ar gá dúinn tús áite a thabhairt dó don tréimhse 2007-2010.