Skip to main content

Tá tú anseo:

Beartas agus Nósanna Imeachta Oifig an Ombudsman do Leanaí

Caithfidh leanaí agus daoine óga, agus na daoine fásta a thugann cúram dóibh, a bheith muiníneach gur féidir leis an OOL timpeallacht shábháilte a sholáthar. Leagtar amach sa Bheartas um Chosaint Leanaí seo ár gcur chuige i leith timpeallacht dá macasamhail sin a sholáthar. Beidh sé faoi réir athbhreithniú ag foireann an OOL agus déanfar é a leasú agus a nuashonrú faoi mar a theastaíonn chun forbairtí ar an reachtaíocht agus ar bheartas a bhaineann le cosaint leanaí a chur san áireamh.

Ag an OOL, tá de chuspóir againn timpeallacht atá chomh sábháilte agus is féidir a sholáthar agus deiseanna agus dúshláin spreagúla á soláthar do dhaoine óga i gcomhthráth. Is gá dúinn cloí le dlíthe agus treoirlínte agus an méid sin a cheaptar atá ina “dhea-chleachtas.”

Mar gheall go bhfuil orainn súil a choimeád ar cé acu an léiríonn nó nach léiríonn dlíthe agus cleachtais meas i bhfírinne ar chearta leanaí agus daoine óga, áfach, leanfaimid linn féin agus daoine eile a cheistiú de shíor cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an beart sin á dhéanamh ag na rialacha atá ceaptha leanaí a chosaint. Lorgaímid i gcónaí chun íoschaighdeáin i dtaobh cosaint leanaí a leagtar síos in Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí (Iúil 2011) a shárú.