Skip to main content

Tá tú anseo:

Breathnóireacht ar Scéim Ghinearálta an Bhille um Chosaint Idirnáisiúnta, 2015

D’fhoilsigh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais Scéim Ghinearálta an Bhille um Chosaint Idirnáisiúnta (‘an Scéim Ghinearálta’) an 25 Márta 2015.

Tá an aighneacht seo á déanamh leis an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus le Coiste um Dhlí, Cosaint agus Comhionannas an Oireachtais i ndiaidh gur thug Coiste an Oireachtais cuireadh don Ombudsman do Leanaí aighneacht a dhéanamh agus de bhun Alt 7 d’Acht an Ombudsman do Leanaí, 2002, ina bhforáiltear gur féidir leis an Ombudsman do Leanaí comhairle a thabhairt faoi aon cheist a bhaineann le cearta agus leas leanaí, an éifeacht dhóchúil ar leanaí a bhaineann le cur i bhfeidhm na dtograí don reachtaíocht ina measc.

Is spéis linn agus ábhar buartha dúinn, le fada an lá, ceisteanna a imríonn tionchar ar chearta agus leas leanaí tionlactha agus neamhthionlactha, atá i measc na leanaí is leochailí sa Stát agus a bhfuil roinnt bacainní roimh fhíorú a gceart.

Is é príomhchuspóir na breathnóireachta agus na moltaí a rinneadh chun roinnt limistéar a bheartú ina bhféadfaí barr feabhais a chur ar an reachtaíocht chun freastal níos fearr ar leasanna na leanaí tionlactha agus neamhthionlactha agus chun cloí níos mó le hoibleagáidí idirnáisiúnta um chearta daonna na hÉireann.