Skip to main content

Tá tú anseo:

Breathnóireacht ar pháipéar comhairliúcháin na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige maidir le Socruithe Caomhnóra Ad Litem

D’fháiltigh an OOL roimh thionscnamh na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige (an RLGÓ) chun cur chuige beartais a ullmhú i leith athchóiriú na socruithe caomhnóra ad litem (GAL) in imeachtaí faoin Acht um Chúram Leanaí, 1991.

Nuair a bhí a breathnóireacht á hullmhú, thugamar aird ar chineál fíor-thromchúiseach agus íogair imeachtaí cúram leanaí. Féadfaidh na leanaí a ndéanann na himeachtaí siúd difear dóibh a bheith fíor-leochaileach; féadfaidh na himeachtaí iad féin a bheith ina n-imeachtaí fada, casta agus sáraíochta; agus féadfaidh cinntí a eascraíonn as imeachtaí cúram leanaí impleachtaí troma agus marthanacha a bheith acu.

Caithfidh aithint caomhnóirí ad litem amhail bheith ina seirbhís do leanaí, go príomha, buntacú leis an gcur chuige beartais i leith na socruithe caomhnóra ad litem a athchóiriú faoi Acht 1991, nuair is meicníocht ríthábhachtach an tseirbhís seo chun cearta leanaí a chur chun cinn i gcomhthéacs imeachtaí cúraim a dhéanann difear dóibh.

Cé go bhfáiltítear roimh thionscnamh an RLGÓ chun athchóiriú sa limistéar íogair agus casta seo a chur chun cinn, tá an dealramh air gur féidir le gnéithe an chuir chuige beartais a bheith múnlaithe ag an tuiscint gurb ionann caomhnóirí ad litem, ar an gcéad dul síos, agus seirbhís do na cúirteanna.