Skip to main content

Tá tú anseo:

Meitea-anailís ar shaincheisteanna atriallacha bunchúise i dtaca le seirbhísí a sholáthar do leanaí i gcúram

Tá an tuarascáil mheitea-anailíse seo in ainm is béim a leagan ar go leor de na lochtanna sa chóras ina bhfuil cuid de na leanaí is leochailí. Cuireann sé réimse moltaí ar fáil, áfach, chomh maith, a bhfuil de chuspóir acu údar a thabhairt le bunchúiseanna sistéamacha na bhfadhbanna athfhillteacha seo. Bhí imscrúdú á dhéanamh ag Oifig an Ombudsman do Leanaí a bhaineann le leanaí atá i gcúram ar feadh 10 mbliana agus, i gcomhthéacs atheagrú seirbhísí leanaí, lorgaíodh chun léargas ginearálta a sholáthar ar na saincheisteanna athfhillteacha agus na bunchúiseanna a bhí leo d’fhonn go bhféadfadh an ghníomhaireacht nua, Tusla, tairbhe a bhaint ónár moltaí sistéamacha. Rinneamar idirchaidreamh le Tusla d’fhonn seo a bhaint amach agus ba rí-dheas linn a bhfreagairt a chur i láthair, atá laistigh den tuarascáil seo, dár moltaí.