Skip to main content

Tá tú anseo:

Joining the Dots - Ag nascadh guthanna le haghaidh cúram sláinte san ospidéal tá oiriúnach do leanaí

Comhthionscnamh nuálaíoch is ea Joining the Dots ag Oifig an Ombudsman do Leanaí agus Bord Grúpa Ospidéal na Leanaí leis na trí ospidéal leanaí i mBaile Átha Cliath - Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn; Ospidéal Ollscoile Leanaí Sráid an Teampaill; agus Ospidéal Náisiúnta na Leanaí, Ospidéal Ollscoile Thamhlachta.

Curtha i bhfeidhm sna trí ospidéal leanaí i mí Iúil agus mí Lúnasa 2017, lorg Joining the Dots tuairimí leanaí, daoine óga, tuismitheoirí / caomhnóirí agus foireann agus bainistíocht na n-ospidéal maidir le seachadadh seirbhísí do leanaí agus do dhaoine óga san ospidéal. Lorg an tionscnamh tuairimí na rannpháirtithe ar raon saincheisteanna a bhaineann le cearta leanaí faoi Choinbhinsiún na NA um Chearta an Linbh agus baineann sé le cearta éagsúla atá ag leanaí i suíomhanna cúram sláinte, lena n-áirítear ospidéil.

Ghlac 2,530 leanbh, duine óg, tuismitheoir / caomhnóir chomh maith le foireann agus bainistíocht ospidéil sna trí ospidéal leanaí páirt i Joining the Dots trí cheistneoir a chomhlánú.

Seoladh tuarascáil deiridh agus achoimre ar na torthaí ag ócáid speisialta an 20 Meitheamh 2018.

Tá an tuarascáil, an achoimre agus na ceistneoirí ar fáil le híoslódáil anseo: