Skip to main content

Tá tú anseo:

Imscrúdú a bhaineann le leanaí atá gan dídean agus a gcuirtear cóiríocht ar fáil dóibh faoi Alt 5 den Acht um Chúram Leanaí agus atá i gCúram FSS agus a bhfuil teacht acu ar sheirbhísí gan dídean

Le tamall de bhlianta anuas, rinneadh gearáin linn agus scrúdaíomar iad ar bhonn aonair inar tugadh saincheisteanna chun solais i ndáil le seirbhís gan dídean a sholáthar ag FSS do leanaí. Áirítear leis seo leanaí atá i gcúram an Stáit cheana féin (cúram deonach nó ar Ordú Cúraim) a raibh teacht acu ar sheirbhísí gan dídean i ndiaidh gur chlis socrúchán agus iad siúd ar cuireadh cóiríocht ar fáil dóibh faoi Alt 5 den Acht um Chúram Leanaí, 1991 (a mheastar atá gan dídean, ach nach bhfuil i gcúram FSS). Rinne leanaí na gearáin a atreoraíodh go díreach nó rinne gairmithe iad a bhí bainteach leo trí EPIC (IAYPIC roimhe seo) agus gairmithe oibre sóisialta. Cé go ndeachaigh an Oifig i ngleic leis na saincheisteanna a tugadh chun solais maidir leis na cásanna ar leith a atreoraíodh, rinne scrúdú agus athbhreithniú ar na cásanna roinnt príomhbhuarthaí i ndáil le seirbhísí gan dídean go ginearálta a thabhairt chun solais. Nuair a chuirtear an patrún buarthaí a thagann chun solais i measc na gcásanna san áireamh a bhaineann le seirbhís gan dídean a sholáthar, rinneadh cinneadh gur ghá scrúdú a dhéanamh ar an saincheisteanna seo ar bhonn náisiúnta agus sistéamach. Dá réir sin, an 9 Márta 2011, chuir Oifig an Ombudsman do Leanaí tús le réamhscrúdú ar bhonn náisiúnta agus sistéamach ar sholáthar seirbhísí ag FSS do leanaí atá gan dídean, ón mbaile, nó i gcásanna géarchéime, iad siúd i gcúram an Stáit (ordú cúraim dheonaigh nó iomláin) agus iad siúd a bhfuiltear ag freastal orthu faoi Alt 5 den Acht um Chúram Leanaí, 1991 ina measc.