Skip to main content

Tá tú anseo:

Imscrúdú ar chinneadh a rinne FSS (Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach anois) chun deireadh a chur le híocaíocht Alt 10 le teaghlach

I Meán Fómhair 2012, chuir aintín le duine óg (A), a bhí 15 bliana d’aois, gearán faoi bhráid na hOifige seo, maidir le cinneadh a rinne FSS (a sholáthraíonn Tusla anois) chun deireadh a chur le tacaíocht airgeadais a bhí á cur ar fáil chun cabhrú léi cúram a thabhairt dó. Chuir an t-aintín in iúl go raibh cúram á thabhairt aici dá nia ó 2003 ar aghaidh. Ó Mheán Fómhair 2006 go dtí Samhain 2008, bhí íocaíocht á fáil aici a rinne FSS trí Alt 10 den Acht um Chúram Leanaí, 1991 (íocaíocht Alt 10) agus Liúntas Dílleachta (Liúntas Caomhnóra anois), ar íocaíocht shóisialta í. Díríonn an gearán ar an gcaoi gur chuir FSS deireadh le híocaíocht Alt 10 i Samhain 2008 ar an mbunús gur mhaígh an Rannóg Oibre Sóisialta nár chuir an t-aintín iad ar an eolas go raibh an dá íocaíocht á fáil aici.