Skip to main content

Tá tú anseo:

Leanbh faoi míchumas a chuimsiú atá ag freastal ar réamhscoil phríomhshrutha faoi Scéim Cúraim agus Oideachais na Luath-Óige

Idir Bealtaine 2011 agus Meán Fómhair 2012, thugamar faoi imscrúdú bunaithe ar ghearán a rinne máthair thar ceann a hiníne ceithre go leith bliain d’aois. Bhí an leanbh an-bhodhar mar thoradh ar ionfhabhtú luath ó bhroinn ag víreas cytomegalo (CMV). Anuas ar thagairt a dhéanamh do na dúshláin a eascraíonn as a bodhaire, sonraíodh sa ghearán gnéithe den mhoill forbartha a raibh an leanbh thíos léi a bhí gan urlabhra, a raibh scileanna lagaithe mínluaile agus oll-luaile aici agus a raibh deacrachtaí dírithe agus iompraíochta aici. Luadh gurbh éard a bhí i gceist lena cumarsáid a thaispeáint go fisiciúil dá cúramóir an méid a theastaigh uaithi agus sonraíodh nach raibh sí curtha ar an bpota go fóill.

Mhíníodh sa ghearán, cé go raibh an leanbh cistithe chun freastal ar réamhscoil ar feadh 3 huaire an chloig sa lá, 5 lá sa tseachtain faoi scéim COLÓ; ní raibh 6 huaire an chloig de chúnamh riachtanas speisialta á fháil aici sa tseachtain ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Tugadh le fios sa ghearán go raibh an réamhscoil ag dul sa mhuileann uirthi mura dtacófaí léi mar gheall ar a riachtanais chasta speisialta. Luadh, mar gheall ar an easnamh ar an leibhéal tacaíochta a leithdháileadh, ní raibh ar chumas aici ach freastal ar an réamhscoil ar feadh 2 lá sa tseachtain, seachas 5 lá sa tseachtain, faoi mar a bhí á chistiú. Dearbhaíodh sa ghearán gur theastaigh an soláthar tacaíochta d’fhonn na seirbhísí réamhscoile a chur ar fáil don leanbh atá ar fáil faoi COLÓ agus lena cur ar a cumas a garspriocanna forbartha a bhaint amach.

I ndiaidh tabhairt faoi réamhscrúdú ar an ngearán, dheimhnigh an OOL gur tháinig gníomhartha FSS, an OMCYA, an RLGÓ agus an ODMH faoi chuimsiú na bparaiméadar le haghaidh imscrúdú. Agus ar an mbonn seo, i mBealtaine 2011, rinneadh an cinneadh chun tabhairt faoi imscrúduithe ar ghníomhartha na gcomhlachtaí poiblí seo.