Skip to main content

Tá tú anseo:

Cás inar thug ball d’fhoireann an ospidéil buille láimhe do leanbh faoi mhíchumas fisiciúil agus foghlama fad a bhí an leanbh i gcúram faoisimh ag Ospidéal an Stíobhardaigh

In Iúil 2008, cuireadh an tOmbudsman do Leanaí ar an eolas ar chás ina ndearnadh comhalta foirne ag Ospidéal an Stíobhardaigh a dhífhostú ar fhorais mhí-iompair thromchúisigh mar gheall ar bhuille láimhe a thabhairt do leanbh faoi mhíchumas fisiciúil agus intleachta a bhí i gcúram faoisimh, i ndiaidh go ndearnadh fiosrúchán san ospidéal inmheánach. Thit an teagmhas a bhí i gceist amach in Iúil 2006 nuair a thug ball foirne buille láimhe do leanbh i gcúram faoisimh in Ospidéal an Stíobhardaigh. B’éard a bhí mar thoradh ar an teagmhas seo ná imscrúdú inmheánach a ndearnadh an ball foirne a dhífhostú mar thoradh air. Rinne an ball foirne a bhí i gceist an gníomh seo a achomharc leis an mBinse Achomhairc Fostaíochta agus dheimhnigh an Binse go raibh an dífhostú éagórach agus gur cheart an ball foirne a athfhostú mar fhostaí le hOspidéal an Stíobhardaigh.

Féadfaidh an tOmbudsman do Leanaí tús a chur le himscrúdú féintola. Ar bhunús na faisnéise seo faoin gcás seo a cuireadh san fhearann poiblí, rinne an Oifig teagmháil le hOspidéal an Stíobhardaigh in 2008 chun tabhairt faoi réamhscrúdú ar an gceist. Nuair a chuirtear san áireamh tábhacht na saincheisteanna a thug an teagmhas seo chun solais, rinneadh cinneadh chun imscrúdú iomlán a dhéanamh ar na beartais agus nósanna imeachta riaracháin a lean Ospidéal an Stíobhardaigh maidir leis an teagmhas seo. De réir mar a rinne an t-imscrúdú seo dul chun cinn, ba ghá FSS a thabhairt san áireamh, mar an gcomhlacht reachtúil ar a raibh freagracht as cosaint leanaí, i sainchúram an imscrúdaithe.