Skip to main content

Tá tú anseo:

An Fhírinne faoi Easpa Dídine; Eispéireas leanaí gan dídean in Éirinn

Tugadh saincheist leanaí gan dídean chun airde an OOL trínár bhfeidhm Ghearán agus Imscrúdaithe, agus déileáladh leis ar bhonn cás ar chás agus cuireadh an tOireachtas ar an eolas air trí tuarascálacha bliantúla roimhe seo.

Rinneadh an cinneadh chun tús a chur le comhairliúchán le daoine óga a bhí thíos le heaspa dídine i gcomhthéacs ár n-oibleagáidí dearfacha faoi Alt 7 d’Acht an Ombudsman do Leanaí, 2002 chun dul i gcomhairle le leanaí agus ar an mbunús go dtreiseodh feasacht ar eispéireas ar an láthair agus peirspictíochtaí comhfhreagracha daoine óga an tuiscint atá ag an OOL ar shaincheisteanna a d’fhéadfadh teacht chun solais do leanaí atá thíos le heaspa dídine.