Skip to main content

Tá tú anseo:

Tacaíocht cúraim sláinte do leanaí trasinscneacha; Tuiscint maidir le cearta leanaí ó Oifig an Ombudsman do Leanaí

Is saincheist a bhaineann le cearta leanaí é rochtain ar sheirbhísí ildisciplíneacha sláinte agus tacaíocht do leanaí trasinscneacha agus do leanaí atá ag ceistiú a bhféiniúlachta

Tar éis di Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh a dhaingniú, tá dualgas ar Éirinn faoin dlí idirnáisiúnta cearta gach linbh atá ina gcónaí in Éirinn a urramú, a chosaint agus a chomhlíonadh, lena n-áirítear leanaí trasinscneacha agus leanaí atá ag ceistiú a bhféiniúlachta.

I measc na gceart atá i gceist sa chomhthéacs seo tá an ceart atá ag leanaí:

  • go gcoisctear an leithcheal (Alt 2);
  • go dtugtar príomhthosaíocht dá leas (Alt 3);
  • saol, marthanas agus forbairt (Alt 6);
  • go n-éistear lena dtuairimí agus go dtugtar an tábhacht chuí dóibh (Alt 12);
  • go gcaomhnaítear a bhféiniúlacht (Alt 8);
  • rochtain ar eolas(Alt 17); agus
  • an caighdeán sláinte is airde is féidir a bhaint amach (Alt 24).

I bhfianaise oibleagáidí na hÉireann ina thaobh seo, is saincheist a bhaineann le cearta leanaí é rochtain ar sheirbhísí agus tacaíocht sláinte ildisciplíneach chuí do leanaí trasinscneacha agus do leanaí atá ag ceistiú a bhféiniúlachta.

Ba cheart go mbeadh cinntí a bhaineann le soláthar seirbhísí cúraim sláinte agus tacaíocht do leanaí trasinscneacha agus do leanaí atá ag ceistiú a bhféiniúlachta bunaithe ar thiomantas chun a bheith measúil faoi chearta na leanaí sin , iad a chosaint agus a chomhlíonadh.

 

Ba cheart seirbhísí agus tacaíocht ildisciplíneach sláinte a fhorbairt sa Stát

Tá sé ríthábhachtach go bhforbróidh agus go soláthróidh an Stát seirbhísí agus tacaíocht ildisciplíneach sláinte, laistigh den Stát, do leanaí trasinscneacha agus do leanaí atá ag ceistiú a bhféiniúlachta, agus dá dteaghlaigh.

I mí Feabhra 2023, mhol Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh go gcinnteodh Éire go mbeadh rochtain ag páistí trasinscneacha ar chúram sláinte dóthanach.

Nuair a cuireadh ceist orthu faoi chur i bhfeidhm a gceart ag an Stát maidir le seirbhísí a sholáthar, chuir páistí trasinscneacha in iúl don OOL faoi na dúshláin atá rompu maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí sláinte in Éirinn. Tá imní ar an OOL faoin easpa seirbhísí sláinte atá ann faoi láthair do na leanaí sin taobh istigh den dlínse seo.

Is gealltanais dhearfacha iad na gealltanais sa Straitéis Náisiúnta Óige LADTI+ 2018-2020, agus i gClár don Rialtas 2020, chun seirbhísí agus tacaíocht sláinte a fhorbairt do leanaí trasinscneacha agus do leanaí atá ag ceistiú a bhféiniúlachta in Éirinn. Áfach, tá an-imní ar an OOL faoi mhoilleanna ar bhunú seirbhísí den sórt sin in Éirinn.

 

Ní mór acmhainní cuí a chur ar fáil do sheirbhísí agus tacaíocht sláinte ildisciplíneach chun freagairt do riachtanais gach linbh maidir lena bhféiniúlacht inscne

Ba cheart seirbhísí do leanaí trasinscneacha agus do leanaí atá ag ceistiú a bhféiniúlachta, agus dá dteaghlaigh in Éirinn, a fhorbairt ar bhealach a chinnteoidh go soláthrófar freagairt shaindeartha do riachtanais ar leith gach linbh i gcúrsaí a bhaineann lena bhféiniúlacht inscne. Ina thaobh seo, ba cheart don Stát acmhainní a leithdháileadh ar féidir leo tacú le cur chuige ildisciplíneach, atá curtha in oiriúint do riachtanais an duine aonair, maidir le tacaíocht agus seirbhísí a sholáthar agus a chinntiú go gcuirtear oiliúint chuí ar ghairmithe cúraim sláinte ábhartha agus go bhforbraítear a gcumas chun oibriú ar bhealach atá íogair do leanaí.