Skip to main content

Tá tú anseo:

Cód Eitice an Gharda Síochána

Sheol an OOL réamhthuairimí ar aghaidh faoi ullmhú Cód Eitice don Gharda Síochána an 6 Bealtaine 2016, agus aighneacht, ina dhiaidh sin, an 23 Meán Fómhair 2016.

Chuir an OOL fáilte roimh an deis chun na haighneachtaí seo a dhéanamh leis an Údarás Póilíneachta agus mhol sé go dtéann an tÚdarás Póilíneachta i gcomhairle le leanaí agus daoine óga mar chuid den phróiseas seo, le leanaí, ach go háirithe, a bhfuil nó a raibh baint acu leis an gcóras um cheartas i leith an aosa óig.

Sholáthraíomar faisnéis, chomh maith, ar an méid seo a leanas: Dea-Chleachtas reatha ar cheart é a léiriú i gCód Eitice an Gharda Síochána; prionsabail an Choinbhinsiúin um Chearta an Linbh a stiúradh, ar cheart iad a chorprú isteach i gCód Eitice an Gharda Síochána; prionsabail bhunúsacha an cheartais ógánach ar cheart iad a chorprú isteach i gCód Eitice an Gharda Síochána; an tábhacht a bhaineann le hoiliúint um Chearta Leanaí do chomhaltaí an Gharda Síochána; agus Treoirlínte Choiste Airí Comhairle na hEorpa um Cheartas a Thacaíonn le Leanaí.

San aighneacht a rinneamar i Meán Fómhair, rinneamar roinnt moltaí breise, ina measc sin go n-áirítear le Cód Eitice an Gharda Síochána forálacha sonracha a chuireann san áireamh riachtanais speisialta leanaí agus daoine óga a bhíonn i gcoimhlint leis an dlí.