Skip to main content

Tá tú anseo:

An tImscrúdú ar Thús Áite do Leanaí (ar leanúint)

Tugtar cuntas sa tuarascáil seo ar an athbhreithniú faoinar thug Oifig an Ombudsman do Leanaí, i ndiaidh an t-aon imscrúdú ar chomhlíonadh Tús Áite do Leanaí: Treoirlínte Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí ag an Stát. Tugadh faoin imscrúdú faoi alt 10 d’Acht an Ombudsman do Leanaí, 2002, a cheadaíonn an tOmbudsman tús a chur le himscrúdú féintola.

I ndiaidh an imscrúdaithe, ar cuireadh tús leis i Samhain 2008, thángthas ar 11 chás de riarachán lochtach in aghaidh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige. I gcomhréir le hAcht an Ombudsman do Leanaí, 2002, rinne mé 22 moladh chun feabhas a chur ar an gcóras. Déanann an t-athbhreithniú scrúdú ar an dul chun cinn atá déanta ag na comhlachtaí poiblí ábhartha maidir leis na 22 moladh siúd.