Skip to main content

Tá tú anseo:

Oideachas a chur ar leanaí i gcúram in Éirinn: Staidéar taiscéalaíoch

In 2007, d’fhoilsíomar taighde bonnlíne ar na príomhbhacainní a bhí roimh leanaí in Éirinn i dtaobh a gcuid cearta a bhaint amach. Bhí leanaí i gcúram ar cheann de roinnt grúpaí leanaí ar sainaithníodh go bhfuil roinnt bacainní rompu chun taitneamh a bhaint as a gcuid ceart.

Nuair a thagann cúinsí agus eispéiris leanaí i gcúram chun solais, dírítear go minic ar cheisteanna a bhaineann lena sábháilteacht, cosaint agus leas. Cé go mbaineann ríthábhachtacht le hobair chun easnaimh a shainaithint, a thabhairt chun solais agus a chomhrac sa limistéar seo, ba cheart dúinn a bheith airdeallach gan dearmad a dhéanamh de ná faillí a dhéanamh i limistéir eile thábhachtacha de shaol na leanaí seo. Is é a n-oideachas ceann de na limistéir seo.

Choimisúnaíomar an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta agus an tIonad Taighde Leanaí, Coláiste na Tríonóide, chun tabhairt faoi thaighde chun an tuiscint atá againn ar eispéiris oideachais leanaí a threisiú agus na bealaí a shainaithint is fearr is féidir le córas oideachais na hÉireann, i gcomhar le seirbhísí sláinte agus sóisialta, tacú le freastal, rannpháirtíocht agus gnóthachtáil san oideachas i measc leanaí i gcúram. Bhí trí shnáithe sa taighde: athbhreithniú litríochta, a rinne breithniú ar fhorbairtí ar bheartas agus cleachtas in Éirinn agus i ndlínsí eile; agallaimh le déantóirí beartais, cleachtóirí agus cúramóirí in Éirinn; agus idirchaidreamh díreach le leanaí i gcúram agus fágóirí óga cúraim.