Skip to main content

Tá tú anseo:

Déileáil le Bulaíocht i Scoileanna: Comhairliúchán le Leanaí agus Daoine Óga

Ó bunaíodh é, thug an OOL faoi idirchaidreamh díreach leis na céadta scoil fud fad na tíre agus chualathas ó na mílte leanbh, tuismitheoir anuas ar ghairmithe atá ag oibriú sa chóras oideachais. I measc na ndúshlán a d’fhéadfadh teacht roimh ghairmithe atá ag oibriú i scoileanna, tá an fhadhb chasta agus atá ag teacht chun cinn a bhaineann le bulaíocht i measc leanaí agus daoine óga. Ar an meán, baineann os cionn 40% de na gearáin a dhéantar le m’Oifig gach bliain le hoideachas agus bulaíocht agus bíonn siad i gcónaí i measc na gcúig shaincheist is minice a thugtar chun solais i ngearáin a bhaineann le hoideachas.

Cuirtear i láthar sa tuarascáil seo na dearcthaí agus na smaointe atá ag breis agus trí chéad leanbh agus duine óg a ghlac páirt i gcomhairliúchán a bhain le déileáil le bulaíocht i scoileanna. Cuireadh tús leis an gcomhairliúchán i gcomhthéacs buarthaí faoi bhulaíocht a thug leanaí, tuismitheoirí agus gairmithe chun solais agus i gcomhréir lenár n-oibleagáidí faoi Alt 7 d’Acht an Ombudsman do Leanaí, 2002 chun dul i gcomhairle le leanaí agus chun béim a leagan ar shaincheisteanna a bhaineann lena gcearta agus leas atá ina n-ábhar buartha do leanaí, iad féin.