Skip to main content

Tá tú anseo:

Córas Leanbhlárnach Dlí agus Cirt: Rochtain ag cosantóirí óga ar cheartas i gcóras cúirte na hÉireann

Chuaigh Oifig an Ombudsman do Leanaí (OOL) i mbun cainte leis an Roinn Dlí agus Cirt agus mar thoradh air sin tugadh seirbhís nua tionlacain cúirte isteach do chosantóirí óga, agus beidh an tseirbhís nua seo á cur i bhfeidhm i mbreis agus 100 tionscadal athstiúrtha don óige ar fud na tíre i rith na bliana 2025. Foilsíodh tuarascáil de chuid Oifig an Ombudsman do Leanaí tuarascáil dar teideal Córas Leanbhlárnach Dlí agus Cirt: Rochtain ag cosantóirí óga ar cheartas i gcóras cúirte na hÉireann. Tugtar cuntas sa tuarascáil seo ar an easpa tacaíochta a bhí ar fáil roimhe seo do chosantóirí óga chomh maith le cuntas ar an obair atá déanta ag an oifig chun dul i ngleic leis an easnamh sin.