Skip to main content

Tá tú anseo:

Comhairle ar an reifreann a bheartaítear ar chearta leanaí

Nuair a soláthraíodh an chomhairle seo, bhí an OOL faoin tuairim nach foláir athruithe a dhéanamh ar Airteagail 40, 41 agus 42 den Bhunreacht chun foráil a dhéanamh do chosaint shainráite chearta na leanaí sa Bhunreacht.

Caithfidh Coinbhinsiún na Náisiúin Aontaithe um Chearta an Linbh sinn a threorú maidir leis an gcur chuige i leith athrú agus na foclaíochta atá le beartú. Bhí ár gcomhairle maidir leis na hathruithe a bheartaítear fréamhaithe i gCoinbhinsiún na Náisiúin Aontaithe um Chearta an Linbh (an CCL). Sholáthair an reifreann fíor-dheis don Stát chun cuid de phríomhfhorálacha an CRC a chorprú isteach sa Bhunreacht.