Skip to main content

Tá tú anseo:

Comhairle an Ombudsman do Leanaí maidir leis an mBille um Chúram Leanaí (Leasú), 2009

D’fhoilsigh an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige an Bille um Chúram Leanaí (Leasú), 2009 an 16 Meán Fómhair 2009. Foráiltear sa Bhille go mbíonn dlínse reachtúil ag an Ard-Chúirt chun éisteacht le hiarratais a rinne FSS ar orduithe cúraim speisialta nó ar orduithe cúraim speisialta eatramhacha sa chás go mbeadh orthu leanbh a choinneáil in aonad cúraim speisialta mar gheall ar a leas. Téitear i ngleic sa Bhille, chomh maith, leis an gceist lena mbaineann caomhnóirí a cheapadh ar bhonn ad litem agus foráiltear ann d’aonaid cúraim speisialta a chlárú agus cigireacht a dhéanamh orthu i gcomhréir leis an Acht Sláinte, 2007.

Cé go bhfáiltítear roimh an mBille, d’fhéadfaí barr feabhais a chur air ar roinnt bealaí chun freastal níos fearr ar leasanna na leanaí a ndéanann sé difear dóibh agus a chinntiú go léirítear meas go hiomlán ar a gcearta, faoi mar a leagtar amach i gcaighdeáin idirnáisiúnta um chearta daonna lena bhfuil an Stát mar pháirtí. Go háirithe, ba cheart an Bille a fhrámú ar bhealach atá comhoiriúnach d’oibleagáidí an Stáit faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (CNACL) agus an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (CECD).