Skip to main content

Tá tú anseo:

Comhairle ar Chinn an Bhille um Thús Áite do Leanaí, 2012 agus an Bille um Cheartas Coiriúil (Faisnéis faoi Chionta in aghaidh Leanaí agus Daoine Leochaileacha a Shiarchoinneáil), 2012

D’fhoilsigh an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige Cinn an Bhille um Thús Áite do Leanaí an 25 Aibreán 2012. Is é cuspóir na reachtaíochta a bheartaítear chun bonn reachtúil a chur faoi roinnt gnéithe de Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta maidir le Cosaint agus Leas Leanaí. Chomh maith leis sin, d’fhoilsigh an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta an Bille um Cheartas Coiriúil (Faisnéis faoi Chionta in aghaidh Leanaí agus Daoine Leochaileacha a Shiarchoinneáil), 2012 an lá céanna. Déantar sa reachtaíocht seo cion coiriúil d’fhaisnéis a shiarchoinneáil maidir le cionta tromchúiseacha sonraithe a dhéantar in aghaidh linbh nó duine leochaileach.
Forbairt shuntasach atá sna tionscnaimh seo atá tagtha ar an gcreat reachtaíochta a rialaíonn cosaint leanaí in Éirinn. Rinneamar an cinneadh chun an Scéim um Thús Áite do Leanaí agus an Bille um Fhaisnéis a Shiarchoinneáil a shonrú san aighneacht chéanna mar gheall ar an bhforluí eatarthu maidir leis an tsaincheist lena mbaineann mí-úsáid a thuairisciú.