Skip to main content

Tá tú anseo:

Comhairle ar Scéim Ghinearálta an Bhille um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2014

D’fhoilsigh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais Scéim Ghinearálta an Bhille um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2014 (‘an Scéim Ghinearálta’) an 27 Samhain 2014. Beartaítear sa Bhille athchóirithe fadréimseacha ar an dlí, smachtbhannaí níos láidre ina measc atá dírithe ar leanaí a chosaint ó theacht i dtír gnéasach, pornagrafaíocht leanaí agus mealltóireacht ar líne. Faoi mar a luadh, cuirfidh an Bille, nuair a achtófar é, an Treoir ón AE i bhfeidhm maidir le drochúsáid agus teacht i dtír gnéasach leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, anuas ar an mbealach a réiteach d’Éirinn chun Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa um chosaint leanaí in aghaidh teacht i dtír agus drochúsáid ghnéasach a dhaingniú.

Creidimid gurb ann do roinnt limistéar ina bhféadfaí barr feabhais a chur ar an reachtaíocht chun freastal níos fearr ar leasanna leanaí agus chun cloí níos mó le hoibleagáidí um chearta daonna na hÉireann, is é sin, iad siúd a bhaineann le gníomhartha comhthoiliúla gnéasacha idir piaraí; bearta um chosaint speisialta d’fhinnéithe linbh; agus sainmhínithe soiléire agus beachta ar fhorálacha áirithe.