Skip to main content

Tá tú anseo:

Comhairle ar Scéim Ghinearálta an Bhille um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh, 2014

D’fhoilsigh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais Scéim Ghinearálta an Bhille um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh, 2014 an 30 Eanáir 2014. Is é aidhm na reachtaíochta a bheartaítear chun ailtireacht dhlíthiúil a chur i bhfeidhm a bhuntacóidh le cásanna éagsúla tuismitheoireachta agus chun soiléireacht dhlíthiúil a sholáthar ar chearta agus freagrachtaí tuismitheora sna cásanna siúd.

I gcomhairle a cuireadh roimhe seo ar an Rialtas a bhain le tograí chun gnéithe den dlí leanaí agus teaghlaigh a athchóiriú – go háirithe maidir leis an mBille um Páirtnéireacht Shibhialta, 2009 agus an Bille Uchtála, 2009 – leag an OOL an bhéim ar an ngá a bhí lena léiriú agus lena bhforáil sa reachtaíocht do réaltacht saol leanaí.

Creidimid gurb ann do roinnt limistéar ina bhféadfaí barr feabhais a chur ar an reachtaíocht chun freastal níos fearr ar leasanna leanaí agus chun cloí níos mó le hoibleagáidí um chearta daonna na hÉireann, is é sin, iad siúd a bhaineann le: atáirgeadh cuidithe, máthairionadaíocht; caomhnóireacht, coimeád agus rochtain; leasanna leanaí a chosaint; orduithe feidhmeacha a dhéanamh d’orduithe tuismitheoireachta; agus cothabháil leanaí ina measc.