Skip to main content

Tá tú anseo:

Comhairle ar an mBille Uchtála, 2009

D’fhoilsigh an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige an Bille Uchtála, 2009 an 23 Eanáir 2009. Is é aidhm an Bhille, faoi mar a luadh, chun an reachtaíocht reatha uchtála a chomhdhlúthú agus a bhunathrú, anuas ar éifeacht a thabhairt do Choinbhinsiún na Háige um Chosaint Leanaí agus Comhar i dtaca le hUchtáil Idir Tíortha, 1993.

Chuthas i ngleic sa Bhille Uchtála le go leor de na saincheisteanna a bhí mar ábhar buartha i dtaobh meicníocht monatóireachta idirnáisiúnta, gairmithe a oibríonn i réimse na huchtála agus, ar an ní is tábhachtaí, leanaí agus teaghlaigh a ghabh nó a ghabhfaidh tríd an bpróiseas uchtála amach anseo. Tá roinnt limistéar ann, áfach, ina bhféadfaí barr feabhais a chur ar an mBille Uchtála chun freastal níos fearr ar leasanna na leanaí a ndéanfaidh sé difear dóibh agus lena chinntiú go gcomhlíonfar go hiomlán Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus ionstraimí idirnáisiúnta eile a bhaineann le ceist na huchtála.