Skip to main content

Tá tú anseo:

Focal ón Saoi

Cuimsítear sa tuarascáil seo bailiúchán de chuntais ó leanaí a bhfuil baint acu i ngearáin a rinne an OOL a imscrúdú.

Baineann scéalta, ar deireadh thiar, le gach ceann de na saincheisteanna um chearta leanaí lena dtéann ár sochaí i ngleic leo. Ach ní thugtar an aird chuí, amanna, ar eispéireas féin leanaí agus a dteaghlach – fírinne na ndúshlán a bhíonn rompu. Agus ní thugtar an aird chuí ar a nglórtha ach chomh beag. Is é cuspóir ‘Focal ón Saoi’ go n-éistear leis na glórtha siúd, go breá soiléir.