Tá tú anseo:
Deis Cainte ag Leanaí
Mar chuid de chomóradh Lá Domhanda na Leanaí d’fhorbair Oifig an Ombudsman do Leanaí imeacht do chainteoir oideachais ar a dtugtar Deis Cainte ag Leanaí (Child Talks). Is é príomhaidhm an tionscadail guth daoine óga a ardú agus ardán dearfach a thabhairt do gach duine óg chun scéalta atá pearsanta dóibhsean a insint.
Bíonn Deis Cainte ag Leanaí ar siúl gach bliain ar an 20 Samhain mar chuid de chomóradh Lá Domhanda na Leanaí. Tugann an tOmbudsman do Leanaí cuireadh do dhaoine óga i scoileanna, d’eagraíochtaí óige agus do dhaoine aonair a oibríonn le daoine óga a bheith páirteach san imeacht. Tá raon leathan cainteoirí againn a dhíríonn ar topaicí cosúil le meabhairshláinte, oideachas, gnéasacht, teicneolaíocht, na healaíona agus cultúr.
https://www.youtube.com/watch?v=kdWtyg-gXzg