Skip to main content

Tá tú anseo:  

Éire agus an CNACL

Toiligh Éire don CNACL sa bhliain 1992 agus mar thoradh, aithnítear go bhfuil cearta ag leanaí faoi bhun 18 bliain agus go mba cóir a gcearta a chosaint, agus a dhaingniú.

Tá 42 alt sa CNACL agus is féidir iad a dheighilt i 4 grúpaí:

Maireachtáil

Tá ceart na beatha ag gach leanbh agus ceart a riachtanais bunúsacha a shásamh.  Is iad bia, uisce, dídean, cúram sláinte, ainm agus náisiúntacht na riachtanais bunúsacha.

Forbairt

Tá an ceart ag gach leanbh, is cuma cé hiad nó cá rugadh iad, barr a chumais a bhaint amach.  Ciallaíonn sin go bhfuil ceart oideachais acu agus an ceart a gcumais a fhorbairt.

Cosaint

Tá sé mar cheart ag gach leanbh a bheith slán, agus a bheith caomhnaithe. Aithníonn an CNACL go bhfuil leanaí sa domhain atá cosaint ar leith de dhíth ortha mar go bhfuil cónaí ortha i gcúinsí deacra.

Rannpháirtíocht

Tá sé mar cheart ag gach leanbh a bheith páirteach i gcinntí a bhaineann leo, agus bheith ábalta a tuairimí faoi na cinntí sin a chur i láthair go hoscailte.

De réir an CNACL déanfar cinntí a bhaineann leis an leanbh ar bhealach atá ar mhaithe an linbh.  Caitear cuimhneamh gur is comhionann iad na cearta uile gan ceann amháin a bheith níos fearr nó ceann eile.

Cá háit is féidir tuilleadh eolais ar mo chearta a fháil?

Chun tuilleadh eolais faoi chearta an linbh a fhail, chun fíricí agus staitisticí a léamh, agus chun dearcadh daoine óga a aimsiú, téigh chuig ár suíomh idirlíon www.itsyourright.ie agus brú ar an cnaipe faoi chearta an linbh.

Leanaí Anois. Cearta Anois

I Meán Fómhair 2017 déanfar ceiliúradh ar chuimhneachán 25 bliana ó thoiligh Rialtas na hÉireann leis an CNACL.

Ghlac páirt in ár gclár gníomhaíochtaí sa bhliain ceiliúrtha seo.