Skip to main content

Tá tú anseo:  

Ag Céiliúradh 25 bliain den CNACL

Glac páirt inár gclár imeachtaí ‘Leanaí Anois. Cearta Anois’ agus cúig bliana is fichead ann ó dhaingnigh Éire Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.

Céard é?

Tá oifig an Ombudsmain Do Leanaí chun 25 bliain ó dhaingnigh Éire CNACL a chomóradh trí chuireadh a thabhairt duit páirt a ghlacadh agus ‘Leanaí Anois, Cearta Anois’ a cheiliúradh.

Ag éisteacht le daoine óga

Tá grúpa comhairliúchán de 21 duine óg ó gach saghas cúlra ag déanamh an-iarracht a oiread eolais agus is féidir a chur le himeacht an tseolta ar an 28ú Meán Fómhair agus le gnéithe eile den gclár.

Tionscadail á reachtáil againn

Bí ar an eolas faoi cad iad na tograí atá ar siúl againn lenár gcomhpháirtithe. Is mó slí atá ann chun páirt a ghlacadh.

Pacáiste eolais agus ábhair oideachais

Tá pacáiste eolais cruthaithe againn má tá tú ag iarraidh d’imeacht féin a eagrú.Tá acmhainní saincheaptha oideachais cruthaithe againn le haghaidh daoine atá ag plé le leanaí agus le daoine óga.