Skip to main content

Tá tú anseo:  

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá sé de cheart agat eolas a fháil ar bhealaí a thuigeann tú maidir le conas fanacht slán agus sláintiúil.

Ba chóir do dhaoine fásta i do shaol a chinntiú nach bhfaigheann tú eolas a dhéanfadh dochar duit.

SAMPLA: Chun cabhrú lena chinntiú nach bhfaigheann tú eolas a dheanfadh dochar duit, d’fhéadfadh daoine fásta rialuithe a chur ar an idirlíon chun tú a choimeád slán.

Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo


An bhfuil an ceart seo agam in Éirinn?

  • Níl aon cheart chun idirlín ann fós. Nuair a scríobhadh an CNACL in 1989 ní raibh an t-idirlíon chomh forleathan ansin agus atá sé anois.
  • Cé go n-íocann daoine as an idirlíon iad féin, tá sé de chúram an Rialtais a chinntiú gur féidir an t-idirlíon a rochtain cibé áit a bhfuil cónaí ort in Éirinn.
  • Is féidir go leor eolais saor in aisce a fháil ón leabharlann, idir eolas ar líne agus eolas i leabhair.
  • Ba chóir do na meáin, amhail an raidió, an teilifís, nuachtáin agus na meáin shóisialta, a bheith cúramach faoin mbealach a thugann siad eolas do leanaí. Ba chóir é a bheith oiriúnach agus sothuigthe.