Tá tú anseo:
An Teaghlach agus Cúram
Cad atá i gceist leis seo?

Tá sé de cheart agat go ndéanfaidh do theaghlach cúram díot. Mura bhfuil sé sábháilte duit cónaí le do theaghlach, ba chóir duit fanacht le teaghlach atá in ann cúram a dhéanamh díot.
I bhformhór na gcásanna cúirte maidir le saol an teaghlaigh, ní mór do bhreitheamh éisteacht le do thuairimí agus iad a chur san áireamh agus cinneadh a théann i bhfeidhm ortsa á dhéanamh.
Ba chóir do do theaghlach tú a chur ar an eolas maidir le cearta leanaí. Ba chóir don Rialtas cabhrú leo é sin a dhéanamh.
SAMPLA: Tá sé de cheart agat do bhaile a fhágáil ag 16 bliana d’aois, má thugann do thuismitheoirí cead duit é sin a dhéanamh. Nuair a bheidh tú 18 mbliana d’aois, ní gá duit cead do thuismitheoirí a fháil.

Tuilleadh eolais!
An bhfuil an ceart seo agam in Éirinn?
- UNCRC,article 9 – tá sé de cheart agat cónaí le do thuismitheoir(í), mura ndéanfaidh sé sin dochar duit. Tá sé de cheart agat cónaí le teaghlach a dhéanfaidh cúram díot.
- UNCRC, article 10 – tá sé de cheart agat a bheith in éineacht le do thuismitheoirí má tá cónaí orthu i dtír eile.
- UNCRC, article 18 – tá sé de cheart agat go ndéanfaidh do thuismitheoirí tú a thógáil más féidir.
- UNCRC, article 20 – tá sé de cheart agat cúram agus cúnamh speisialta a fháil mura féidir leat cónaí le do thuismitheoirí.
- UNCRC, article 21 – tá sé de cheart agat cúram agus cosaint a bheith agat má dhéantar tú a uchtáil nó a chur i gcúram altrama.
- UNCRC, article 25 – má tá cónaí ort i gcúram nó faoi chúinsí ar bith eile, tá sé de cheart agat go bhféachtar ar na socruithe cónaithe seo ar bhonn rialta chun a chinntiú go bhfuil siad chomh hoiriúnach agus is féidir.
- Faoi Airteagal 41 de Bhunreacht na hÉireann, tá sé de cheart agat gurb iad do theaghlach a dhéanann cúram díot agus a dhéanann tú a thógáil.
- Faoin Acht um Chúram Leanaí 1991, tá sé de cheart agat gurb iad do theaghlach a dhéanann cúram díot. Mura bhfuil sé sábháilte duit cónaí le do theaghlach, áfach, tá sé de cheart agat go ndéanfaidh an Stát cúram díot.
- Faoi leasú ar an Acht um Chúram Leanaí, 1991, tá sé de cheart agat plean iarchúraim a fháil nuair a fhágann tú cúram an Stáit agus tú 18 mbliana d’aois.
- Faoin Acht um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh, 2015, tá sé de cheart agat go ndéantar breithniú ar do leasa má tá tú le huchtáil.
- Faoin Acht Uchtála (Leasaithe) 2017, tá sé de cheart agat gur féidir le do theaghlach cúraim altrama tú a uchtáil má tá tú tar éis a bheith faoina gcúram ar feadh thréimhse 18 mhí.
Tionscadal á dhéanamh?
- Is iomaí cineálacha éagsúla teaghlach in Éirinn. I mí na Bealtaine 2015, vótáil muintir na hÉireann chun cead a thabhairt do dhaoine den ghnéas céanna pósadh.
- Nuair nach féidir le teaghlach aire a thabhairt do leanbh, nó má chineann an chúirt go mbeadh sé chun leasa an linbh gan cónaí lena t(h)eaghlach, féadfaidh go gcuirfear an leanbh i gcúram an Stáit, amhail cúram altrama nó cúram cónaithe.
- I bhFeabhra 2018, bhí 6,161 leanbh agus daoine óga ina gcónaí i gcúram an Stáit.
- In 2016, cheadaigh Údarás Uchtála na hÉireann 95 uchtáil. Ba uchtálacha leasteaghlaigh an chuid is mó (65) díobh seo
- Uaireanta, tugann leanaí aire dá ndeartháireacha agus deirfiúracha, nó fiú dá dtuismitheoirí. Tugtar cúramóirí óga orthu sin.
- Tá daoine óga a fhágann cúram an Stáit ag 18 mbliana d’aois i mbaol a bheith fágtha gan dídean. Anois tá sé de cheart acu plean iarchúraim agus cúnamh a bheith acu go mbeidh siad 21 bliain d’aois nó go mbeidh siad réidh leis an oideachas.
- In 2016, mhol Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh gur chóir d’Éirinn níos mó a dhéanamh chun daoine óga a ullmhú agus a thacú chun cúram a fhágáil agus chun cabhrú leo nuair a bheidh siad imithe ón gcóras cúram.
Naisc chuig eagraíochtaí eile
- EPIC – Faigh amach conas a oibríonn EPIC le daoine óga agus ar son daoine óga in Éirinn
- Pathways – is treoirleabhar iarchúraim le haghaidh daoine óga atá ag ullmhú chun cúram a fhágáil é ‘Pathways’, agus is daoine óga atá tar éis cúram a fhágáil a chur le chéile é.
- Barnardos –Eolas le haghaidh daoine óga atá idirscaradh nó colscaradh á fháil ag a dtuismitheoirí.
- You Are Not Alone – Is gearrscannán é seo de chuid Oifig an Ombudsman do Leanaí a thugann eolas do dhaoine óga maidir le cuid de na roghanna atá ag tuismitheoirí nuair a scarann siad óna chéile. (e.g. idirghabháil teaghlaigh nó dul chun na cúirte).
- Adoption Authority Ireland –Tá eolas agus físeáin ag Údarás Uchtála na hÉireann do dhaoine óga in Éirinn.