Skip to main content

Tá tú anseo:

Covid-19 – Faisnéis do leanaí

Ba mhaith leis an Ombudsman do Leanaí, an Dr. Niall Muldoon, na leanaí in Éirinn a mholadh as an neart agus an athléimneacht atá léirithe acu le linn na tréimhse aistí seo. Tá comhairle agus faisnéis do leanaí agus do dhaoine óga atá ag streachailt le tuiscint a fháil ar a bhfuil ag tarlú agus conas déileáil leis le fáil ag www.oco.ie.

“Tá an ghéarchéim sláinte atá ann faoi láthair ag cur go leor struis agus imní ar dhaoine fásta inár sochaí, go háirithe na daoine scothaosta is mó atá i mbaol inár bpobal. Is tréimhse an-deacair í freisin, áfach, dár leanaí nach féidir leo a ngnáthimeachtaí a dhéanamh agus is minic a dtugann siad imní a dtuismitheoirí agus na ndaoine timpeall orthu faoi deara.

“De ghnáth bíonn sceitimíní ar leanaí le nuair a bhíonn a gcuid laethanta saoire scoile acu nó nuair a dhúnann an scoil go neamhsceidealta mar gheall ar shneachta. Tá an tréimhse dúnta seo an-difriúil áfach agus d’fhéadfadh sé a bheith deacair do leanaí a thuiscint.

“Cé go bhféadfadh go leor leanaí a bheith sásta nach bhfuil siad ar scoil ar feadh tréimhse ama, tá an oiread sin éiginnteachta ann faoi cad a tharlóidh sna seachtainí amach romhainn agus faoin tionchar a bheidh aige sin ar scrúduithe agus ar na deiseanna a bheidh acu sa todhchaí go mbeidh go leor leanaí agus déagóirí trína chéile agus imníoch. Is féidir le himní den sórt sin a bheith an-deacair do leanaí déileáil léi.

“Tá an-chuid den mhilleán á chur ar leanaí agus ar dhaoine óga as gan cloí le treoirlínte maidir le scaradh sóisialta. Tá tuairiscí ann go bhfuil plódú á dhéanamh ag daoine fásta ar thaitneamhachtaí poiblí nó nach bhfuil treoirlínte a nglacadh dáiríre acu, rud a léiríonn nach féidir linn an milleán a chur ar chohórt amháin. Táimid go léir sa bhád céanna.

“Chonaic mé agus chuala mé faoi go leor déagóirí a bhfuil a míle dícheall déanta acu chun cabhrú le comharsana agus le daoine muinteartha gan smaoineamh ar mholadh, ach mar gheall go dtuigeann siad coincheap an phobail agus an ról atá acu ann. Is é sin an t-iompar nach mór dúinn díriú air agus a chur lenár saol nua. Mholfainn do na daoine fásta go léir aitheantas a thabhairt do na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag na saoránaigh is óige agus, más féidir, iarracht a dhéanamh iad a chosaint ó mhilleán, ó bhrú agus ó imní.

“Táimid ag iarraidh ar ár leanaí a mhalairt a dhéanamh de na rudaí a bheimis ag spreagadh dóibh a dhéanamh de ghnáth; nílimid á dtabhairt chuig traenáil, nílimid á dtabhairt ar cuairt chuig a seantuismitheoirí, nílimid ag ligean dóibh bualadh lena gcairde, agus go minic gan aon chúram leanaí táimid ag ceadú níos mó ama ar scáileáin fad a bhíonn tuismitheoirí ag obair ón mbaile. Tá sé deacair ar leanaí de gach aois, ó aois an-óg go déagóirí dul i dtaithí ar an saol nua gan aon dáta críochnaithe cinnte a bheith acu. Ba chóir iad a mholadh as an misneach agus an athléimneacht atá léirithe acu.

“Ní foláir dúinn cuimhneamh freisin, in ainneoin go bhfuil an tír ag dul i ngleic leis an éigeandáil a chruthaigh Covid-19, go bhfuil leanaí fíor-leochaileacha ann fós a bhfuil a gcúinsí ag éirí níos measa mar gheall ar an ngéarchéim. D’fhéadfadh sé a bheith dodhéanta do leanaí féinleithlisiú, más gá dóibh amhlaidh a dhéanamh, mar gheall ar an leagan amach fisiceach ina bhfuil siad ina gcónaí. Mar shampla leanaí gan dídean, leanaí atá ina gcónaí i Soláthar Díreach, leanaí den Lucht Siúil agus leanaí ó chúlra Roma atá ina gcónaí in áiteanna plódaithe agus contúirteacha. I measc na ndaoine eile a bhfuil deacrachtaí acu faoi láthair agus atá thar a bheith leochaileach tá leanaí faoi mhíchumas a bhféadfadh tionchar a bheith ag an ngéarchéim seo ar a gcuid seirbhísí agus leanaí le fadhbanna meabhairshláinte a bhfuil baol ann go n-éireodh siad féinmharfach. Ar deireadh, ní mór dúinn a bheith feasach freisin ar na leanaí atá ag maireachtáil i gcúinsí drochíde sa teaghlach agus iad siúd a bhfuil a dtuismitheoirí nó a gcaomhnóirí ag streachailt le andúil.

“Ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar aon duine de na leanaí sin san am dúshlánach seo agus mholfainn do gach roinn atá ag obair chun teacht ar réitigh fiafraí i gcónaí cén tionchar a bheidh acu ar shaol leanaí na tíre seo.

“Tá an Rialtas ag glacadh na gcéimeanna riachtanacha chun muintir na hÉireann, agus ár leanaí, a chosaint ar an gcontúirt iarbhír agus reatha a bhaineann le Covid-19. Gabhaim buíochas le gach duine a raibh baint acu leis an iarracht ollmhór seo ní amháin sa réimse Sláinte ach i gCosaint Shóisialta, Dlí agus Cirt, Tithíocht, Oideachas agus Leanaí.

“Ba chóir dúinn a bheith bródúil as óige na hÉireann agus muid in áit nach rabhamar riamh cheana. Mar Ombudsman do Leanaí, leanfaidh mé orm ag obair chun a chinntiú go n-éisteofar le guthanna na leanaí agus go ndéanfar ionadaíocht orthu le linn na tréimhse éiginnteachta seo de bharr éigeandála gan fasach.

“Tá faisnéis cruthaithe ag an OCO do leanaí agus do dhaoine óga a thairgeann comhairle agus faisnéis faoin gcoróinvíreas. Tá réimse acmhainní agus gníomhaíochtaí ann freisin do leanaí a thugann deis dóibh foghlaim faoi chearta leanaí agus conas a théann cearta i bhfeidhm ar a saol laethúil. D’fhéadfadh na hacmhainní seo roinnt ábhar nua a chur ar fáil do thuismitheoirí atá ag iarraidh gníomhaíochtaí éagsúla nua a aimsiú. "

Chun rochtain a fháil ar fhaisnéis faoin gcoróinvíreas agus gníomhaíochtaí OCO do leanaí ó Oifig an Ombudsman do Leanaí téigh chuig https://www.oco.ie/childrens-rights/coronavirus-information-for-children-and-young-people/

CRÍOCH